GaelchlóAn cló Gaelach i ré na ríomhaireachta Tá fáilte romhat chuig suíomh gréasáin Ghaelchló. Tá an cnuasach is mó ar domhan de chlónna Gaelacha le fáil ó Ghaelchló. Is féidir na clónna is luaithe a bhailiú go díreach ón suíomh agus tá na cinn a dearadh níos déanaí le fáil saor in aisce ach iad a iarraidh. Chun na clónna éagsúla a fheiscint, lean an nasc a bhfuil 'clónna' air ar chlé. Mar aon leis na clónna, tá méarchláracha le fáil ón suíomh seo a chuirfidh ar do chumas na clónna Gaelacha i gcnuasach Ghaelchló a scríobh go héasca má úsáideann tú MS Windows nó Mac OS X. Chun breis eolais a fháil, lean an nasc ar chlé a bhfuil 'Méarchláracha' air. Gheobhaidh lucht Linux comhairle ann chomh maith. Bíonn na clónna i gcnuasach Ghaelchló á bhfeabhsú de shíor agus gheofar cur síos ar na hathruithe a rinneadh le blianta beaga anuas ar an leathanach dar teideal 'Stair'. Mar an gcéanna, is féidir réamhspléachadh a fháil ar roinnt de na clónna atá ar na bacáin faoi láthair ach an nasc cuí ar chlé a leanúint. Is féidir scríobh chuig Gaelchló ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: Leasaithe an 26 Aibreán 2008 |