Bunchló Ársa GC

An gnáthleagan

Is leagan speisialta de Bhunchló GC é seo ina n-úsáidtear na sean-fhoirmeacha fada de 'r' agus de 's'. Tá Bunchló GC bunaithe ar chló Newman a dearadh sa bhliain 1857 le haghaidh Ollscoil Chaitliceach na hÉireann. Is air a bunaíodh mórchuid na gclónna Gaelacha a dearadh sa 20ú aois agus bíonn an cló in úsáid ag daoine nach mbacfadh le haon chló Gaelach eile - an fáth ar tugadh 'Bunchló' ar an leagan seo de. Is carachtair nua-dheartha iad na litreacha nach bhfaightear in aibítir stairiúil na Gaeilge (j, k, q, v, w, x, y agus z) agus na huimhreacha.

Cló téacs is ea Bunchló Ársa GC. D'fhéadfaí é a úsáid in éineacht le clónna Rómhánacha a bhfuil trasmhíreanna orthu: le leithéidí Times New Roman, Garamond, Baskerville nó Cheltenham mar shampla.

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Tabhair faoi deara, áfach, nach bhfuil le fáil sa chló seo ach na sean-fhoirmeacha fada de 'r' agus de 's'. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Faigh an comhad bunargc.zip (44 KB) ina bhfuil Bunchló Ársa, leagan 7.11, mar chló TrueType.

An leagan iodálach

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Tá Bunchló Ársa Iodálach GC, leagan 2.00, le fáil saor in aisce ach teachtaireacht á iarraidh a chur go dtí an seoladh ríomhphoist seo a leanas:

Bíodh 'Bunchló Ársa Iodálach' luaite mar cheannteideal ar an teachtaireacht. Níor mhiste iarratas eile a dhéanamh muna bhfaightear freagra laistigh de sheachtain.

An leagan trom

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Tabhair faoi deara, áfach, nach bhfuil le fáil sa chló seo ach na sean-fhoirmeacha fada de 'r' agus de 's'. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Faigh an comhad bunartgc.zip (44 KB) ina bhfuil Bunchló Ársa Trom, leagan 8.00, mar chló TrueType.

An leagan dubh

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Tabhair faoi deara, áfach, nach bhfuil le fáil sa chló seo ach na sean-fhoirmeacha fada de 'r' agus de 's'. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Faigh an comhad bunardgc.zip (43 KB) ina bhfuil Bunchló Ársa Dubh GC, leagan 7.00, mar chló TrueType.

Leasaithe an 14 Eanáir 2008