Bunchló GC

An gnáthleagan

Tá Bunchló GC bunaithe ar chló Newman a dearadh sa bhliain 1857 le haghaidh Ollscoil Chaitliceach na hÉireann. Is air a bunaíodh mórchuid na gclónna Gaelacha a dearadh sa 20ú aois agus bíonn an cló in úsáid ag daoine nach mbacfadh le haon chló Gaelach eile - an fáth ar tugadh 'Bunchló' ar an leagan seo de. Is carachtair nua-dheartha iad na litreacha nach bhfaightear in aibítir stairiúil na Gaeilge (j, k, q, v, w, x, y agus z) agus na huimhreacha.

Cló téacs is ea Bunchló GC. D'fhéadfaí é a úsáid in éineacht le clónna Rómhánacha a bhfuil trasmhíreanna orthu: le leithéidí Times New Roman, Garamond, Baskerville nó Cheltenham mar shampla.

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Faigh an comhad bungc.zip (44 KB) ina bhfuil Bunchló GC, leagan 8.00, mar chló TrueType.

An leagan iodálach

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Tá Bunchló Iodálach GC, leagan 2.00, le fáil saor in aisce ach teachtaireacht á iarraidh a chur go dtí an seoladh ríomhphoist seo a leanas:

Bíodh 'Bunchló Iodálach' mar cheannteideal ar an teachtaireacht. Níor mhiste iarratas eile a dhéanamh muna bhfaightear freagra laistigh de sheachtain.

An leagan trom

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Faigh an comhad buntgc.zip (44 KB) ina bhfuil Bunchló Trom GC, leagan 8.00, mar chló TrueType.

An leagan dubh

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Faigh an comhad bundgc.zip (40 KB) ina bhfuil Bunchló Dubh GC, leagan 7.00, mar chló TrueType.

Leasaithe an 14 Eanáir 2008