Bunchló na Nod GC

Leagan speisialta de Bhunchló GC is ea an cló seo ina bhfuil na noda is coitianta a fhaightear i lámhscríbhinní na Gaeilge. Gheofar tuilleadh eolais faoin ábhar seo ar an suíomh gréasáin dar teideal Scríbhinn.org.

Beidh an cló seo úsáideach dóibh siúd ar mhaith leo lámhscríbhinní Gaeilge a athscríobh go cruinn.

Tá an cló seo códaithe de réir thacar na nod. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Faigh an comhad bunnod.zip (33 KB) ina bhfuil Bunchló na Nod GC, leagan 5.00, mar chló TrueType.

Leasaithe an 14 Eanáir 2008