Fíorchló GC
Cló nua-dheartha a bunaíodh ar pheannaireacht na lámhscríbhinní luatha is ea Fíorchló GC. Is ar an stíl pheannaireachta ar a dtugtar an pheannaireacht leath-uingeach a bunaíodh na mionlitreacha, agus is ar an stíl pheannaireachta ar a dtugtar 'ceannlitreacha tuathúla' ('rustic capitals') a bunaíodh na ceannlitreacha. Cló ornáideach is ea Fíorchló GC; mura bhfuil sé chomh maisiúil le Ceanannas, fós féin tá sé i bhfad níos fearr ná American Uncial. Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat. Tá Fíorchló GC, leagan 6.00, le fáil saor in aisce ach teachtaireacht á iarraidh a chur go dtí an seoladh ríomhphoist seo a leanas: Leasaithe an 14 Eanáir 2008 |