CloGaelach
Dáiltear Linux in éineacht le méarchlár darb ainm 'CloGaelach' lenar féidir an cló Gaelach a scríobh gan stró - ach ar ndóigh, caithfidh an clófhoireann féin a bheith códaithe de réir Unicode.
Is féidir 'CloGaelach' a chur ar siúl ar do ríomhaire ach an t-ordú seo a leanas a chur isteach i líne na n-orduithe:
setxkbmap ie CloGaelach
Má tá KDE mar chomhéadan agat, lean na treoracha thíos.
1. Téigh chuig System Settings > Regional & Language > Keyboard Layout.
2. Taispeánfar fuinneog cosúil leis an gceann thíos. Roghnaigh an méarchlár dar teideal Ireland sa phainéal ar chlé agus buail Add>>. Roghnaigh Ireland arís sa phainéal ar dheis agus roghnaigh CloGaelach mar Layout variant ón roghchlár. Buail Apply le críochnú.

3. Téigh go dtí an KDE Keyboard Tool ag bun an scáileáin ar dheis agus oscail é. Ní gá ach dealbh an mhéarchláir atá in úsáid agat faoi láthair (brat na hÉireann, níos dóichí ná a mhalairt) a roghnú agus cnaipe deas na luiche a bhualadh. Nuair a osclóidh an roghchlár (féach an léaráid thíos), roghnaigh Ireland (CloGaelach) mar mhéarchlár oibre.

Beidh tú in ann athrú idir na méarchláracha go léir atá suiteáilte ar do ríomhaire - idir Ireland (CloGaelach) agus Ireland sa léaráid thuas mar shampla - de réir mar a oireann ceann amháin nó eile duit.
Má tá Gnome mar chomhéadan agat, lean na treoracha thíos.
1. Téigh chuig System > Preferences > Keyboard > Layouts. Taispeánfar fuinneog cosúil leis an gceann thíos.

2. Buail Add agus osclóidh fuinneog nua cosúil leis an gceann thíos. Téigh chuig Éire ar liosta na dtíortha. Buail an saighead atá os comhair ainm na tíre agus taispeánfar na méarchláracha éagsúla atá le fáil. Roghnaigh CloGaelach agus buail OK chun an fhuinneog a dhúnadh.

3. Seolfar ar ais go dtí an fhuinneog thíos tú. Cuir tic sa bhosca taobh le Ireland CloGaelach lena roghnú mar leagan amach réamhshocraithe an mhéarchláir. Buail Close le críochnú.

Chun carachtar a scríobh ní gá ach luí ar an gcnaipe speisialta a bhfuil AltGr air agus cnaipe eile a bhualadh ag an am céanna. Mar shampla, chun an litir á a scríobh, luigh ar AltGr agus buail a. Léiríonn an tábla thíos conas a scríobhtar na carachtair éagsúla a úsáidtear sa chló gaelach.
| AltGr in éineacht le ... | Carachtar |
| A | Á |
| a | á |
| E | É |
| e | é |
| I | Í |
| i | í |
| O | Ó |
| o | ó |
| U | Ú |
| u | ú |
| B | B séimhithe |
| b | b séimhithe |
| C | C séimhithe |
| c | c séimhithe |
| D | D séimhithe |
| d | d séimhithe |
| F | F séimhithe |
| f | f séimhithe |
| G | G séimhithe |
| g | g séimhithe |
| M | M séimhithe |
| m | m séimhithe |
| P | P séimhithe |
| p | p séimhithe |
| S | S séimhithe |
| s | s séimhithe |
| T | T séimhithe |
| t | t séimhithe |
| r | r ard |
| z | s ard |
| Z | s ard séimhithe |
| & | "agus" (7) |
Leasaithe an 24 Eanáir 2008 |