Cló Gaelach

Dáiltear Mac OS X in éineacht le méarchlár darb ainm 'Irish Extended' lenar féidir an cló Gaelach a scríobh. Ach más féidir na gutaí fada a scríobh go héasca le 'Irish Extended' (ní gá ach option+guta a bhualadh in éineacht), tá sé níos deacra na consain shéimhithe a bhreacadh (caithfear option+w a bhualadh roimh an gconsan atá le shéimhiú), agus níl aon bhealach éasca ann chun 'r' ard ná 's' ard a scríobh.

Dá bhrí sin, is oiriúnaí an méarchlár atá le fáil anseo. Oibríonn an méarchlár seo le Mac OS X 10.4 ('Tiger') agus le Mac OS X 10.5 ('Leopard'), ach níor tástáladh é le leaganacha níos sine den chóras. Ar ndóigh, caithfidh an cló a bheith códaithe de réir Unicode.

Faigh an comhad macgael.zip (24 KB) ina bhfuil an méarchlár do Mac OS X dar teideal 'Cló Gaelach'.

Suiteáil

1. Tá an méarchlár pacáilte i gcomhad comhdhlúite a bhfuil macgael.zip air agus caithfear cliceáil air lena mhéadú. Gheofar fillteán darb ainm macgael a mbeidh dhá chomhad istigh ann - Cló Gaelach.keylayout agus Cló gaelach.icns.

2. Téigh chuig Computer > Macintosh HD > Library agus sábháil an dá chomhad ó chéim a haon (Cló Gaelach.keylayout agus Cló gaelach.icns) sa bhfillteán darb ainm Keyboard Layouts.

3. Roghnaigh Open International ón roghchlár ag barr an scáileáin.

4. Feicfear fuinneog cosúil leis an gceann thíos. Roghnaigh an bosca in aice le Cló Gaelach lena shuiteáil agus dún an fhuinneog.

5. Téigh ar ais go dtí an roghchlár ag barr an scáileáin agus roghnaigh Cló Gaelach mar mhéarchlár oibre - féach thíos.

Beidh tú in ann athrú idir na méarchláracha go léir atá suiteáilte ar an ríomhaire (mar shampla, idir Irish Extended agus Cló Gaelach sa sampla atá léirithe thuas) de réir mar a oireann ceann nó eile de na méarchláracha duit.

Úsáid an mhéarchláir

Chun carachtar a scríobh le 'Cló Gaelach' ní gá ach luí ar an gcnaipe a bhfuil 'option' air agus cnaipe eile a bhualadh ag an am céanna. Mar shampla, chun an litir 'á' a scríobh, luigh ar 'option' agus buail 'a'. Léiríonn an tábla thíos conas a scríobhtar na carachtair éagsúla.

Option in éineacht le ...Carachtar
AÁ
aá
EÉ
eé
IÍ
ií
OÓ
oó
UÚ
uú
BB séimhithe
bb séimhithe
CC séimhithe
cc séimhithe
DD séimhithe
dd séimhithe
FF séimhithe
ff séimhithe
GG séimhithe
gg séimhithe
MM séimhithe
mm séimhithe
PP séimhithe
pp séimhithe
SS séimhithe
ss séimhithe
TT séimhithe
tt séimhithe
rr ard
zs ard
hs ard séimhithe
7 &"agus" (7)

Leasaithe an 14 Eanáir 2008