Méarchláracha

  MS Windows

Oibreoidh an méarchlár dar teideal Cló Gaelach le Windows Vista nó le Windows XP. Ba chóir go n-oibreodh sé le Windows NT4 agus le Windows 2000 chomh maith cé nár tástáladh é leis na córais oibreacháin úd. Feileann sé do chlónna atá códaithe de réir an chaighdeáin idirnáisiúnta, Unicode.

Tabhair faoi deara nach n-oibreoidh an méarchlár thuas le seanleaganacha de Windows (3.1, 95, 98 nó Windows ME), ach tá comhairle ag Ciarán Ó Duibhín do lucht úsáide na seanchóras úd ar an leathanach gréasáin leis dar teideal MS-Windows Gaelic Keyboards.

  Mac OS

Oibreoidh an méarchlár dar teideal Cló Gaelach le 'Leopard' (Mac OS 10.5) nó le 'Tiger' (Mac OS 10.4). Tá seans maith go n-oibreoidh an méarchlár le leaganacha níos sine de Mac OS X chomh maith ach níor tástáladh é leo. Feileann sé do chlónna atá códaithe de réir an chaighdeáin idirnáisiúnta, Unicode.

Ní oibreoidh an méarchlár thuas le seanleaganacha de Mac OS: más leagan idir 7.x agus 9.x atá agat, féach an leathanach gréasáin dar teideal Celtic Keyboard Layouts (ar shuíomh Evertype).

  Linux

Más é Linux an córas oibriúcháin atá agat, lean an nasc a bhfuil 'Linux' air chun breis eolais a fháil.

Leasaithe an 26 Aibreán 2008