Réamhspléachadh

Cé nach bhfuil siad réidh le dáileadh go fóill, is féidir réamhspléachadh a fháil ar roinnt de na clónna atá ar na bacáin anseo thíos.

Géarchló GC

Cló traidisiúnta ornáideach is ea é seo. Cosúil le Mionchló GC sa chnuasach seo, tá Géarchló GC bunaithe ar an stíl peannaireachta ar a dtugtar an 'mhionpheannaireacht inseach'. Ach is sine na lámhscríbhinní a bhí mar eiseamláirí agam sa chás seo. Thairis sin, d'fhéachas le cruth níos rialta a chur ar na litreacha i nGéarchló. Iarracht is ea é spiorad na lámhscríbhinní - spiorad a bhfuil baint nach beag aige le mírialtacht na litreacha - a chaomhnú agus a chur in iúl i gcló a bhfuil foirmeacha rialta go leor ar na litreacha ann.

Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Dlúthchló GC

Cló suaitheantais nua-aoiseach is ea Dlúthchló GC. Oireann sé do chomharthaí poiblí nó don fhógraíocht ach bheadh sé ró-throm le haghaidh téacs leanúnaigh. Go deimhin, is é an focal 'bruscar' a bhíodh le feiscint i gcló Gaelach ar na haraidí bruscair i mBaile Átha Cliath go dtí le déanaí a bhí mar eiseamláir agam agus an cló seo á dhearadh. D'fhéadfaí Dlúthchló GC a úsáid in éineacht le clónna suaitheantais mar Impact, Compacta Bold nó Futura Display.

Mínchló Iodálach GC

Tá sé i gceist agam leagan iodálach de Mhínchló GC a réiteach amach anseo.

Leasaithe an 14 Eanáir 2008