Seanchló GCAn gnáthleagan
Tá Seanchló bunaithe go scaoilte ar chló Watts a dearadh timpeall na bliana 1818 agus a úsáideadh le haghaidh mórán eagrán den Bhíobla i rith an 19ú aois. Is carachtair nua-dheartha iad na litreacha nach bhfaightear in aibítir stairiúil na Gaeilge (j, k, q, v, w, x, y agus z). Tá stíl an chló seo chomh seanfhaiseanta sin nach bhféadfaí é a úsáid mar chló téacs sa lá atá inniu ann. Caithfear breathnú ar Sheanchló mar chló ornáideach anois agus d'fhéadfaí é a úsáid sna cásanna céanna ina n-úsáidtear an cló dubh don Bhéarla (leithéidí Cloister Black, Old English Text nó Goudy Text mar shampla). Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat. Faigh an comhad seangc.zip (54 KB) ina bhfuil Seanchló, leagan 4.05, mar chló TrueType. An leagan trom
Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat. Faigh an comhad seantgc.zip (58 KB) ina bhfuil Seanchló Trom, leagan 4.06, mar chló TrueType. An leagan dubh
Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat. Faigh an comhad seandgc.zip (57 KB) ina bhfuil Seanchló Dubh, leagan 4.05, mar chló TrueType. Leasaithe an 14 Eanáir 2008 |