Suiteáil na gClónna

MS Windows

Oibreoidh na clónna i gcnuasach Ghaelchló le Windows Vista agus le Windows XP. Chun cló a shuiteáil, is leor é a shábháil i bhfillteán na gclónna, fillteán atá suite ag C:\Windows\Fonts.

Chun é sin a dhéanamh, téigh chuig:
Start > (Settings) > Control Panel > Fonts
agus tarraing an cló isteach i bhfillteán na gclónna.

Thuas: mar a léirítear Bunchló sa 'Windows Font Viewer' a thagann le Windows Vista.

Mac OS

Oibreoidh na clónna i gcnuasach Ghaelchló le 'Leopard' (Mac OS 10.5) agus le 'Tiger' (Mac OS 10.4).

Más mian leat go mbeadh an cló le fáil ag gach duine a úsáideann an ríomhaire, sábháil é in:
HD/Library/Fonts/
Ach más fearr leat nach mbeadh an cló le fáil ach ag úsáideoir áirithe, ba chóir é a chur i dtaisce in:
HD/Users/UserName/Library/Fonts/
nuair is é 'UserName' ainm an úsáideora.

Thuas: mar a léirítear Bunchló sa 'Font Book' a thagann le 'Leopard' (Mac OS 10.5).

Linux

Oibreoidh na clónna i gcnuasach Ghaelchló le Linux. Is iomaí leagan de Linux atá ann, áfach, agus ní mar an gcéanna a chaitheann siad go léir le clónna. Is féidir a fháil amach cá bhfuil na clónna suite ar do ríomhaire féin ach an t-ordú seo a leanas a chur isteach i líne na n-orduithe:
locate .ttf
rud a thaispeánfaidh duit cá bhfuil na clónna go léir i leagan amach TrueType curtha i dtaisce. Moltar duit clónna nua a shabháil i bhfillteán a bhfuil clónna eile ann cheana.

Seo mar atá cúrsaí in Ubuntu, ceann de na leaganacha is coitianta de Linux. Más mian leat go mbeadh cló nua le fáil ag gach duine a úsáideann an ríomhaire, sábháil é in:
/usr/share/fonts
Ach más fearr leat nach mbeadh an cló le fáil ach ag úsáideoir áirithe, cuir i dtaisce é in:
/home/username/.fonts/
nuair is é 'username' ainm an úsáideora atá i gceist. Is fiú an t-ordú seo a leanas a rith i líne na n-orduithe ag an deireadh:
sudo fc-cache -f -v
rud a chinnteoidh go mbeidh an cló le fáil agat i mbeagnach gach ríomhchlár.

Thuas: mar a léirítear Bunchló in 'KFontView', áis úsáideach don chomhéadan KDE.

Leasaithe an 25 Eanáir 2008