Cló Gaelach
Oibreoidh an méarchlár seo le Windows Vista nó le Windows XP. Ba chóir go n-oibreodh sé le Windows NT4 agus le Windows 2000 chomh maith, cé nár tástáladh é leis na córais oibreacháin úd. Caithfidh an cló a bheith códaithe de réir Unicode.
Faigh an comhad gaelach.zip (256 KB) ina bhfuil an méarchlár do MS Windows dar teideal 'Cló Gaelach'.
1. Tá an méarchlár pacáilte i gcomhad comhdhlúite agus caithfear é a mhéadú le WinZip nó a leithéid sular féidir é a shuiteáil ar ríomhaire.
2. Ina dhiaidh sin, caithfear cliceáil ar an gcomhad darb ainm setup.exe chun an méarchlár a shuiteáil. Má oibríonn gach rud mar is cóir, taispeánfar an ráiteas "Installation Complete". (NB: Ná scrios an clár dar teideal setup.exe - coinnigh in áit shábháilte é mar beidh sé ag teastáil uait arís más mian leat an méarchlár a dhíshuiteáil uair éigin amach anseo.)
3. Roghnaigh an méarchlár ar an ngnáthbhealach: téigh chuig Control Panel > Regional and Language Options > Keyboards and Languages > Change keyboards ... Osclóidh bosca nua dar teideal "Text Services and Input Languages". Roghnaigh General agus Add.
4. Osclóidh bosca dar teideal "Add Input Language"; téigh chuig Irish (Ireland) ar liosta na dteangacha agus oscail an bosca beag in aice leis a bhfuil + breactha air; roghnaigh Cló Gaelach ar liosta na méarchláracha agus OK.

5. Seolfar ar ais chuig "Text Services and Input Languages" tú ach beidh "Cló Gaelach" le léamh ar liosta na méarchláracha faoi "Irish (Ireland)" an babhta seo. Is féidir "Cló Gaelach" a roghnú mar mhéarchlár réamhshocraithe sa liosta dar teideal "Default input language" ag barr an bhosca. Mura mbíonn sé réamhshocraithe agat, beidh ort "Cló Gaelach" a roghnú ón tascbharra ag bun an scáileáin nuair is mian leat é a úsáid - féach thíos.

6. Roghnaigh OK le críochnú.
1. Tá an méarchlár pacáilte i gcomhad comhdhlúite agus caithfear é a mhéadú le WinZip nó a leithéid sular féidir é a shuiteáil ar ríomhaire.
2. Ina dhiaidh sin, caithfear cliceáil ar an gcomhad darb ainm setup.exe chun an méarchlár a shuiteáil. Má oibríonn gach rud mar is cóir, taispeánfar an ráiteas "Installation Complete". (Má theastaíonn uait an méarchlár a dhíshuiteáil ar ball, téigh chuig Control Panel > Add or Remove Programs.)
3. Roghnaigh an méarchlár ar an ngnáthbhealach: téigh chuig Control Panel > Regions and Language Options > Languages > Details. Osclóidh bosca nua dar teideal "Text Services and Input Languages". Roghnaigh English (Ireland) agus Add (níor luadh an Ghaeilge mar rogha in Windows XP).
4. Osclóidh bosca dar teideal "Add Input Language"; roghnaigh English (Ireland) mar "Input language" agus Cló Gaelach mar "Keyboard layout/IME". Buail OK.

5. Seolfar ar ais chuig "Text Services and Input Languages" tú ach beidh "Cló Gaelach" le léamh ar liosta na méarchláracha faoi "English (Ireland)" an babhta seo. Is féidir "English (Ireland) - Cló Gaelach" a roghnú mar mhéarchlár réamhshocraithe sa liosta dar teideal "Default input language" ag barr an bhosca. Mura mbíonn sé réamhshocraithe, is féidir "Cló Gaelach" a roghnú ón mbarra teanga nuair is mian leat é a úsáid.
6. Roghnaigh OK le críochnú.
Leis an méarchlár seo, ní theastaíonn ach cnaipe marbh amháin (#) chun an Ghaeilge a scríobh, cé go n-úsáidtear ceann amháin eile (`) sa Ghàidhlig. Tugtar "cnaipí marbha" orthu toisc nach mbíonn aon charachtar le feiceáil nuair a bhuailtear iad: is nuair a bhuailtear an chéad chnaipe eile a fheictear éifeacht na gcnaipí marbha, mar a léirítear sa tábla thíos.
| Cnaipí | Carachtair |
| #A | Á |
| #a | á |
| #E | É |
| #e | é |
| #I | Í |
| #i | í |
| #O | Ó |
| #o | ó |
| #U | Ú |
| #u | ú |
| #B | B séimhithe |
| #b | b séimhithe |
| #C | C séimhithe |
| #c | c séimhithe |
| #D | D séimhithe |
| #d | d séimhithe |
| #F | F séimhithe |
| #f | f séimhithe |
| #G | G séimhithe |
| #g | g séimhithe |
| #M | M séimhithe |
| #m | m séimhithe |
| #P | P séimhithe |
| #p | p séimhithe |
| #S | S séimhithe |
| #s | s séimhithe |
| #T | T séimhithe |
| #t | t séimhithe |
| #r | r ard |
| #z | s ard |
| #h | s ard séimhithe |
| #& | 'agus' (7) |
| `A | À |
| `a | à |
| `E | È |
| `e | è |
| `I | Ì |
| `i | ì |
| `O | Ò |
| `o | ò |
| `U | Ù |
| `u | ù |
I dteannta na litreacha thuas a theastaíonn le haghaidh na dteangacha Gaelacha, is féidir an méarchlár seo a úsáid chun mórtheangacha iarthar na hEorpa a scríobh chomh maith, mar a mhínítear thíos.
Fraincis
Chun an t-aiceann circonflexe a scríobh, buail AltGr + ^ mar chnaipe marbh roimh an guta a theastaíonn. Mar shampla, chun ê a fháil, buail AltGr agus ^ in
éineacht, agus ansin buail e. Mar an gcéanna, gheofar an cédille (Ç nó ç) má bhuailtear AltGr agus ^ roimh C nó roimh c. Chun an tréma a scríobh, buail AltGr + " mar chnaipe marbh roimh an guta a theastaíonn. Mar shampla, chun ï a fháil, buail AltGr agus ^ in éineacht, agus ansin buail i. Tá na bealaí is fusa chun an an t-aiceann aigu agus an an t-aiceann grave a scríobh léirithe sa tábla thuas ach is féidir AltGr + ' a úsáid mar chnaipe marbh in ionad an # más mian leat.
Gearmáinis
Chun Umlaut a scríobh, buail AltGr + " mar chnaipe marbh roimh an guta a theastaíonn. Mar shampla, chun ü a fháil, buail AltGr agus " in
éineacht, agus ansin buail u. Mar an gcéanna, gheofar an Eszett (ß) ach AltGr agus " a buaileadh mar chnaipe marbh roimh s.
Spáinnis
Chun an tilde (Ñ nó ñ) a scríobh, buail AltGr + ~ mar chnaipe marbh roimh N nó roimh n. Mar an gcéanna, gheofar ¿ nó ¡ trí AltGr agus ~ a bhualadh roimh ? nó roimh ! faoi seach. Tá an bealach is fusa chun an acento a scríobh léirithe sa tábla thuas ach is féidir AltGr + ' a úsáid mar chnaipe marbh in ionad an # más mian leat.
Leasaithe an 14 Eanáir 2008 |